Riachtanais Chórais:
Ní féidir ach aicearraí méarchláir nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in OpenOffice.org. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in OpenOffice.org sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair OpenOffice.org, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socruithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in OpenOffice.org a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach OpenOffice.org nó do chórais oibriúcháin.
Tá glasáil chomhad cumasaithe mar réamhshocrú in OpenOffice.org. Chun í a dhíchumasú, ní mór an athróg thimpeallachta cuí a shocrú mar SAL_ENABLE_FILE_LOCKING=0 agus SAL_ENABLE_FILE_LOCKING a easpórtáil. Tá na hiontrálacha seo san fhoirm chumasaithe cheana féin sa chomhad scripte soffice.
Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh OpenOffice.org má dhéantar iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó ríomhaire Linux.
Caith seal beag, le do thoil, ag comhlánú an phróisis bhig chláraithe agus an bogearra á shuiteáil agat. Cé go bhfuil an clárú roghnach, molaimid duit é mar cabhróidh an t-eolas leis an gcomhphobal bogearra níos fearr a fhorbairt agus riachtanais na n-úsáideoirí a fhreagairt go díreach. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint. Má chaill tú an clárú ag am suiteála, is féidir leat filleadh agus clárú am ar bith ag http://www.openoffice.org/welcome/registration20.html
Tá Suirbhé na nÚsáideoirí ar líne freisin agus molaimid duit é a líonadh. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le OpenOffice.org bogadh níos tapúla i dtreo ardchaighdeáin a bhaint amach i gcruthú an bhogearra oifige is nuaí. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint.
Le cabhair a fháil maidir le OpenOffice.org 2.0, féach ar na ceisteanna a fhreagraíodh cheana ar an liosta 'users@openoffice.org' atá sna cartlanna ag http://www.openoffice.org/mail_list.html. Nó is féidir leat do cheisteanna a sheoladh go users@openoffice.org. Ná déan dearmad clárú leis an liosta chun freagra ríomhphoist a fháil.
Féach freisin na ceisteanna coitianta ag http://user-faq.openoffice.org/.
Is ar shuíomh Gréasáin OpenOffice.org atá IssueZilla, an córas s'againne le haghaidh tuairiscí a thabhairt ar fhadhbanna agus ar fhabhtanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Tá tuairisciú beo na bhfadhbanna ar cheann de na cúnaimh is mó ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú an bhogearra.
Rachadh sé go mór chun socair Chomhphobal OpenOffice.org dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte.
Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn tú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag: http://www.openoffice.org
Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le OpenOffice.org 2.4 agus go mbeidh tú linn ar líne.
An Comhphobal OpenOffice.org
Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.